Catherine Foley

Is scríbhneoir lán-aimseartha í Catherine Foley. Is láithreoir, léiritheoir agus scríbhneoir teilifíse ar ghnéthchláracha TG4 í. Is iar-iriseoir í leis an bpáipéar, The Irish Times agus is iar-mhúinteoir í chomh maith.  Scríobhann sí go rialta don chlár fadbuaine ar RTÉ Radio 1, Sunday Miscellany.

Rugadh i gCathair Phort Láirge í agus tógadh í i nGaeltacht na Rinne. D’fhreastal sí ar Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh. Tá trí úrscéilín Ghaeilge scríofa aici do fhoghlaimeoirí fásta: Sorcha sa Ghailearaí a bhuaigh duais liteartha i 2002 i gComórtas Litríochta an Oireachtais i 2003,  An Cailín Rua a bhuaigh an chéad duais i 2003 sa chomórtas agus Samhradh an Chéasta, a foilsíodh i 2010.  Tá gearrscéalta agus dánta dá cuid foilsithe i nGaeilge agus i mBéarla cheana fein aici.

Tá cláracha déanta aici in éineacht lena deirfiúir RoseAnn Foley do TG4. San áireamh tá ceann faoin amhránaí Tom Clancy, faoin scríbhneoir Molly Keane agus faoin a n-uncail Dónal Foley, colúnnaí na haoire Man Bites Dog.